Imeacht lyrics

Songs   2024-06-30 20:44:54

Imeacht lyrics

Cíorann an bás an gleann gach bliain

Is tógann creach

Ó Chúm na nÉag na tuillte comhrann

Fán Sulán soir

Díríonn méar is buaileann buille

Is tógann leis óg is sean

Ceol is spórt is clisteacht céirde

Gaois is crois maith, cion is féile

Subháilcí na sean go mear sa chré leis.

Tá coiscéim na gúise mar thóirneach ar mhaol chnuic

San Ínse Mhór is alpach a theacht

Is Ré na bPobal ag eascar glas

Fíon 'a ól de dhroim bó seasc

Is caoire bána an sliabh amach.

Áitreamh éan - cearca fraoigh is naoscaigh

Na daoine imithe nó ag imeacht 'na dtréan-shruth.

I gcliabhán na haigne

A'taithneamh fe ghrian na hóige

Tá imeachtaí, eachtraí

A bhí, is ná beidh arís níos mó.

Lá bainte na mona ar mhullach an Scrithin

Grian Aibreán ag árdú,

Meitheal fear 'na leinte geala

Bainc á nglanadh

Sleain, picí agus sceanna féir i bhfearas

Allas ar dhoinne 's ar dheirge a ngruadh

Comh-obair, comh-oilte, comhdhaoine.

Nó sábháilt an fhéir san Doirín Áluinn

Grian an Mheithimh is na scamaill ar luas

Is a scáileanna 'á dtarrac de dhroim na gcnoc anuas;

Geamhair 'na ghlas-muir de thonnta righne,

Is gréasán airgid ar ghormloch.

Trathnóntaí feanaideach' ag piocadh prataí

Ramhainní ag preabharnaigh sna h-iomairí thíos'

Staisiún le hól, amhráin go maidean

Comhghreann, comhchomhrá, comhdhéanamh reanna.

Sin í an chreach a thógann an bás leis

An cnagaire sanntach ó dhoras is doras

Ní h-eisceacht éinne, níl tig nár réabadh

Sa reilg tá stór i dtaisce 'gainn go léir.

Iarla Ó Lionáird more
  • country:Ireland
  • Languages:Gaelic (Irish Gaelic)
  • Genre:Folk
  • Official site:http://www.iarla.com/
  • Wiki:https://en.wikipedia.org/wiki/Iarla_Ó_Lionáird
Iarla Ó Lionáird Lyrics more
Iarla Ó Lionáird Featuring Lyrics more
Excellent Songs recommendation
Popular Songs
Artists
Songs