Tá Sé ‘na Lá lyrics

Songs   2024-05-20 12:18:11

Tá Sé ‘na Lá lyrics

[Curfá:]

'S tá sé n'lá a mhíle grá

'S tá sé n'lá dhúinn theacht le chéile

'S tá sé n'lá a mhíle grá

An uile dhuin' ar fud na cruinne

Mná is leanaí an tSomáil

Ar fán le hocras ar na bóithr'

Anseo tá flúirse bia ar fáil

Is mithid suaimhneas roinnt le chéile?

[Curfá]

Briseadh croí is sileadh fol'

Sa tír bheag seo ó bhail' go baile

Ar mhaithe lena nDéithe féin

Narbh aoibhinn suaimhneas measc a chéile?

[Curfá]

Tá'n flamenco ins sa Spáinn

'S fidiléirí binn sa tSualainn

Sean nós thiar in Indreabhán

Tá saibhreas cultúr againn uile

Saibhreas croí 's saibhreas teanga

Saibhreas ceoil 's saibhreas damhsa

Fásaidh saibhreas grá dá chéilé

Ansin beidh saibhreas spioradálta

Roinnimidne teas na gréine

'S gile draíochtúil na gealaí

Leoithne aoibhinn mín na gaoithe

'S ionann sin i spiorad na cruinne

Eithne Ní Uallacháin more
  • country:Ireland
  • Languages:Gaelic (Irish Gaelic)
  • Genre:Singer-songwriter
  • Official site:
  • Wiki:https://en.wikipedia.org/wiki/Eithne_N%C3%AD_Uallach%C3%A1in
Eithne Ní Uallacháin Lyrics more
Eithne Ní Uallacháin Featuring Lyrics more
Excellent Songs recommendation
Popular Songs
Artists
Songs